Déan do chuairt a phleanáil

Músaem Litríochta na hÉireann
Open today, 10:30-17:30
ceannaigh ticéad

Aimsigh muid

UCD Naughton Joyce Centre
86 St Stephen's Green
Dublin 2 féach léarscáil

RadioMoLI

Stáisiún raidió digiteach
do litríocht na hÉireann
éist linn

A digital radio station for Irish literature.

listen live and on demand

Fáilte isteach i MoLI – músaem litríochta do na scéalaithe is mó ar domhan.

Is comhpháirtíocht é Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) idir COBÁC agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus is institiúid thábhachtach chultúrtha nua é i gcroílár phríomhchathair na hÉireann. Tá an músaem suite in áit shuaithinseach ar an taobh ó dheas d’Fhaiche Stiabhna i gceann de na tithe stairiúla is breátha i mBaile Átha Cliath. Fuarthas inspioráid do MoLI ó shaothair James Joyce, an scríbhneoir Éireannach ba mhó cáil riamh. Ceiliúrann an músaemár gcultúr litríochta agus ár n‑oidhreacht a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthuón aimsiri bhfad siar go dtí an lá inniu féin, agus féachann sé le glúin nua a chur ag cruthú, ag léamh agus ag scríobh.Gheofar tumthaispeántaisilmheáin anseo, mar aon le déantáin ríluachmhara, léachtaí, taibhithe, cláir oideachais den scoth do pháistí, turais i dteach stairiúil, craoltóireacht dhigiteach, áiseanna taighde agus caifé atá suite i gceann de na gairdíní is áille agus is suaimhní sa chathair. Agus an méid sin ar fad ann, tá Músaem Litríochta na hÉireann ina chuid ríthábhachtach dentírdhreachliteartha áitiúil agus idirnáisiúnta.

This site uses cookies to ensure you get the best experience. See our privacy policy.