
Foghlaim ar Feadh an tSaoil
Foghlaim ar Feadh an tSaoil
Áit shóisialta spraíúil a bheidh i MoLI, a oirfidh d’fhoghlaimeoirí de gach aois. Bunchloch den chlár foghlama do dhaoine fásta agus do pháistí a bheidh sna clubanna leabhair, plé liteartha tráthnóna agus ceardlanna teaghlaigh deireadh seachtaine a eagrófar go rialta. Bí ag súil le clár gnóthach léachtaí, agallamh agus díospóireachtaí lae agus tráthnóna. Taifeadfar gníomhaíochtaí lena gcraoladh ar líne dóibh siúd nach bhfuil ar a gcumas cuairt a thabhairt ar an músaem.
Oibríonn MoLI i gcomhar le UCD Access & Lifelong Learning chun clár gníomhaíochtaí agus deiseanna a chur ar fáil ag an músaem d’fhoghlaimeoirí fásta.
Más spéis leat tuilleadh a fháil amach faoi chlár foghlama MoLI do dhaoine fásta, seol ríomhphost chuig [email protected].