
Leabharlann Taighde
Leabharlann Taighde
Is comhpháirt spreagúil nua de MoLI é Leabharlann Taighde James Joyce. Tá an leabharlann seo suite i seomra álainn ag féachaint amach ar Ghairdíní Iveagh. Gheofar ann bailiúchán mór irisleabhar acadúil, tréimhseachán agus téacsanna scolártha maidir le saothair James Joyce.

Chomh maith le saothair acadúla, tá bailiúchán suntasach ag an Leabharlann d’eagráin luatha agus d’eagráin leath-annamha de shaothair Joyce, agus iad ar fáil le láimhsiú faoi stiúir. Táimid go mór faoi chomaoin ag na daoine a bhronn na míreanna seo orainn, agus ba bhreá linn tuilleadh míreanna den sórt céanna a fháil don leabharlann seo. Ní ghearrfar aon táille ar dhul isteach i Leabharlann Taighde James Joyce agus beidh fáilte roimh mhic léinn agus roimh bhaill den mhúsaem, ach coinne a dhéanamh. Más spéis leat bheith i do bhall den mhúsaem, nó leabhair nó tréimhseacháin a bhronnadh ar an leabharlann, seol ríomhphost chuig [email protected].