
MoLI: achoimre ar a stair
MoLI: achoimre ar a stair
In 2010 a tosaíodh archomhaontas cruthaitheach idir dhá shócmhainn uathúla – Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus COBÁC – a phlé, trína gcuirfí bailiúcháin Joyce na Leabharlainne Náisiúnta ar fáil i dTeach Newman, an foirgneamh stairiúil is suntasaí dá bhfuil ag COBÁC.
Bunaíodh grúpa oibre in 2012 agus, a bhuíochas do bhronntanas an-fhlaithiúil ó Martin agus Carmel Naughton, féachadh leis an aisling a fhíorú. Fostaíodh Scott Tallon Walker, ailtirí, agus Ralph Appelbaum Associates, dearthóirí taispeántais, chun spás taispeántais 10,000 troigh chearnach a dhéanamh d’fhoirgneamh Aula Maxima Theach Newman, agus rochtain uilíoch a chruthú ar fud foirgnimh uile an tsuímh stairiúil inar bunaíodh COBÁC.
Fuarthas cistiú eile agus comhairle straitéiseach ó Fháilte Éireann chun an tionscadal a thabhairt go céim na tógála – thosaigh na tógálaithe ag obair ar an láithreán i mí Dheireadh Fómhair 2017 agus meastar go n-osclófar Músaem Litríochta na hÉireann in 2019.