
Seimineáir & siompóisiamaí
Seimineáir & siompóisiamaí
Chomh maith le taispeántais shealadacha a chur ar fáil mar chomhlánú ar na buantaispeántais, cuirfidh MoLI seimineáir agus siompóisiamaí ar fáil ó cheann ceann na bliana, i gcomhar le páirtithe seachtracha agus lenár dtuismitheoirí in COBÁC agus sa Leabharlann Náisiúnta.
Léitheoirí Réabhlóideacha:1919 agus na Blianta ina Dhiaidh
Cad is fiú litríocht nuair atá an saol trí chéile? Cuirfidh MoLI an siompóisiam sin i láthair in éineacht lenár gcéad taispeántas ‘An Stát agus Scríbhneoireacht na hÉireann’, siompóisiam á chomheagrú ag an músaem, COBÁC agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Más spéis leat bheith i láthair, cláraigh dár nuachtlitir leis an scéala is déanaí a fháil ar fhógraí faoi thicéid.