
An Rochtain
An Rochtain
Tá sé ina chroímhian d’fhís MoLI go dtabharfaí cuairteoirí ar aistear spreagúil fud fad scríbhneoireacht na hÉireann, agus go meallfaí iad lena gcuid cruthaitheachta féin a iniúchadh. Is é sin, is cuma faoi aois ár gcuairteoirí nó faoina gcúlra socheacnamaíoch, más daoine iad a chuireann spéis ghinearálta sa litríocht nó scoláirí a bhfuil spéis ar leith acu i réimse ar leith nó daoine nach léann mórán agus gan móran spéise acu sa litríocht – tá fáilte rompu go léir.
- Tá gach urlár den mhúsaem inrochtana, mar aon leis na gailearaithe taispeántais ar fad.
- Tá leithris inrochtana suite ar leibhéal an ghairdín.
- Tá fáilte roimh mhadraí treoracha.
- Cuirtear treoir fuaime in-íoslódála ar fáil saor in aisce leis an gcead isteach.
- Nótáil le do thoil go bhfuil an soilsiú i gcuid de na taispeántais lag, ar mhaithe le cuid de na déantáin a chaomhnú.
Oibríonn MoLI i gcomhar le UCD Access & Lifelong Learning chun clár gníomhaíochtaí agus deiseanna a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí fásta sa mhúsaem. Má tá ceist ar bith agat faoi chúrsaí rochtana in MoLI, is féidir dul i dteagmháil linn ag [email protected]