
Taispeántais i MoLI
Taispeántais i MoLI

Siúlfaidh cuairteoirí go MoLI trí sheomraí breátha Theach Newman agus tiocfaidh siad ar thaispeántais idirghníomhacha dhigiteacha den scoth faoin scríbhneoireacht in Éirinn ó na meánaoiseanna go dtí an lá inniu. Agus iad ar a mbealach trí na taispeántais, cloisfidh na cuairteoirí míreanna de scríbhneoireacht na hÉireann á léamh, feicfidh siad saothair James Joyce agus iad mapáilte ar an gcathair chomhaimseartha le scannáin agus dealbhóireachtaí, agus beidh deis acu dul i ngleic le cuid de na míreanna is suaithinsí de na bailiúcháin sa Leabharlann Náisiúnta, ina measc na leabhair nótaí a bhí ag Joyce do Ulyssesagus a chéadchóip féin, ‘Copy No. 1’ de Ulysses inar scríobh sé inscríbhinn dá phátrún Harriet Shaw Weaver, a bhronn an leabhar ar an Leabharlann Náisiúnta i 1952.

Ó thús deireadh an aistir seo beidh taispeántáin éagsúla le feiceáil a iniúchann scríbhneoirí comhaimseartha ó Éirinn, an scríbhneoireacht Éireannach i gcathracha eile agus stair na foilsitheoireachta i stát na hÉireann. Faoin gclár uaillmhianach taispeántas sealadach atá beartaithe, beidh na taispeántais seo á n-athrú go rialta de bharr forbairtí agus obair scolártha nua sa réimse litearthalena mbaineann siad, agus mar go mbeidh siad á dtabhairt ar cuairt chuig láithreacha eile ar fud an domhain.
A bhuíochas do na comhpháirtíochtaí atá ann leis an Leabharlann Náisiúnta, COBÁC, agus institiúidí agus bailitheoirí eile, beidh MoLI in ann clár uaillmhianach taispeántas a chur i láthair. Díreofar ar scríbhneoirí aonair agus ar shaothair ón sean-am go dtínár ré féin, ar bhéaloideas na hÉireann agus ar mhíreanna dobhraite oidhreachtúla le déantáin, míreanna fuaimeagusscannáin, leis na nua-theicneolaíochtaagus na meáin dhigiteacha. Is croíghné dár misin é grá don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht a athchothú inár gcuairteoirí idirnáisiúnta agus baile araon.